Oibrí Forbartha (Gaeltacht Mhúscraí) – conradh 6 mhí

 Oibrí Forbartha (Gaeltacht Mhúscraí)

(conradh 6 mhí)

Déanann Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí bainistiú agus seachadadh ar raon clár forbartha fiontair agus pobail ar fud réigiún Iarthar Chorcaí. (LEADER an Clár um Fhorbairt na Tuaithe, an Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil, an Scéim um Áineas na Tuaithe, Tús, Scéim Shóisialta na Tuaithe agus an Scéim um Thithe níos Teo). Is mian léi anois Oibrí Forbartha a bhfuil taithí aige/aici a earcú chun gníomhaíochtaí a phleanáil agus a thionscnamh agus chun tacú leo faoin gClár um Fhorbairt Pobail Áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí.

Agus é/í ag obair i dtimpeallacht atá dírithe ar thorthaí, atá éileamhach agus atá ar mhearluas, is é a bheidh i gceist leis an bpost, a éilíonn líofacht i nGaeilge, ná:

1.         Gníomhaíochtaí forbartha straitéiseacha CFPÁ atá dírithe ar an réimse is imeallaithe/is mó atá faoi mhíbhuntáiste ar a n-áirítear seirbhísí atá ann cheana féin a neartú agus seirbhísí nua a fhorbairt de réir mar is indéanta.

2.         Gníomhaíochtaí oiliúna agus fostaíochta leis na spriocghrúpaí a dtugann an Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil tosaíocht dóibh, a phleanáil, a chomhordú     agus a chur i bhfeidhm.

3.         Comhaontais, comhchaidrimh agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha le páirtithe leasmhara stáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile a fhorbairt.

 

Beidh ar an iarrthóir a n-éiríonn leis/léi réamhthaithí ábhartha chomh maith le heolas beacht ar na dinimicí forbartha pobail agus tuiscint ar shaincheisteanna pobail agus eacnamaíochta i nGaeltacht Mhúscraí a léiriú. Beidh scileanna maithe PC/IT agus cumarsáide maraon le tuiscint chruinn ar chórais agus ghnáthaimh Chuideachta Forbartha ina réamhriachtanais freisin. Féadfar socruithe d’obair pháirtaimseartha agus d’obair sholúbtha a chur san áireamh.

Seol ar aghaidh chugainn sonraí iomlána le do thoil ar a n-áirítear litir chumhdaigh, CV agus teistiméireachtaí, iad le bheith faighte faoi am scoir gnó ar Déardaoin, 22 Márta, chuig:

 Ian Dempsey

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin,

Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí,

Páirc Teicneolaíochta Iarthar Chorcaí,

Cloich na Coillte,

Iarthar Chorcaí.

Nór phoist chuig

ian@wcdp.ie

Is fostóir comhionannas deiseanna í Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí.

Tabhair faoi deara le do thoil go ndéanfar dícháiliú i gcás canbhasála.

This entry was posted in Community Development, Job Seekers, News, Rural Development. Bookmark the permalink.